School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Location:
Westport, Co. Mayo
Teacher:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 194

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 194

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Page 194
  3. XML “An Gearrán Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuala siad torann trom arís, mar a bheadh capall ann. "Ó a thighearna sabháilidh muid" ar siad "an Gearrán Bán" atá ann" 'Sé atá ann go siúráilte ars Micheál arís, bhíos cinnte I gcomhnaidhe go mbíodh an gearrán sin ag (?)nteacht le na sidheoga. D'aithnigh an gearrán glór Mhichíl agus toisigh a' seitreach (......) agus thoisigh Siobhán ag uallfairt t'istigh. Is annsin a bhí an trioblóid ag Micheál ag iarraidh Siobhán a cheannsú agus an capall a dhibirt. Ar ball chuala siad an torann ag imtheacht síos an bóithrín go dtí an dúirling. Maidin lá'r na bhaireach, d'éirigh Micheál go moch, amach leis ar fud a' bhaile agus sgéal cailleach an uathbhais aige. D'éirigh chuile dhuine amach agus lean siad lorgaí an ghearráin go dtí an dúirling agus chonnaic siad annsin é ina sheasamh (?)cloic mhóir agus ní h-aon deagh-chosamhlacht bhí air. Ní rabh sé de mhisneacht ag duine ar bith dhuil i ngar dó, mar bhí sé tuigthe acab go léir gur sidheog bhí ann. 'D'Imthigh an sgéal i bhfad agus i ngearr.
    Bhí fear Tuas I gClochar á Locha? Micheál Mac Cerra? Fear bhíodh a déanamh poitín, Chuala sé faoi an gearrán. Thárla nuair a chuaidh an Cearrach go dtí teach déanta a' Phoitín, fuair sé amach gorabh cuid mhaith de'n stuff ólta. Bhí sin ólta ag a' ngearrán bán agus is gearr d'imthigh sé nuair a thuit sé ar meisge agus 's r dearg meisge bhí sé nuair feannadh é. Thuig an Cearrach an sgéal agus 'nuas leis go dtí an baile 'na raibh Micheál Ó Corráin agus dubhairt leob go díreach mar thárla do'n ngearrán. Rith Micheál síos go dtí an gearrán bán agus má's thíos a fuair é an gearrán thuas 'fhág sé é. Thug sé go dtí an teach agus tugadh neart le n-ithe dhó ach mar sin féin b'aisteach an beithhidheach é istigh ar an urlár n'a craiceann dearg. "Cuirfidh mise craiceann nua ort má's féidir" ars 'Micheál. Seo amach Micheál agus mála aige agus ní rabh fhios ag aon duine ca raibh sé a' dhul. Níor bhain sé méar dá shrón go ndeachaidh sé go dtí teach búistéara a bhí thoir ar a' gcnoc. Cheannaig Micheál sé cinn de craicne Caorach, chuir sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1911A: Horse's New Backbone
    Language
    Irish
    Collector
    C. J. Ó hAoláin
    Gender
    Male