Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí ins na Caonachaibh fad ó shoin fear a dtugadh siad Tóiní Mór Ó Dálaigh air.
Blaodhtar “Keenagh” ar na Caonachaibh anois. Tá sé in a bhaile bheag suidhte imeasg na sléibhte atá comhgarach do Cnoc Néifinn ar an taobh thiar de. Bhí triúr mac aige agus is Cearbhall a bhí ar an mac ab óige aca. Cuireadh Cearbhall go choláiste le bheith ’na shagart acht mar thosuigh sé ag ól sa gcoláiste cuireadh abhaile arís é. Nuair a tháinig sé abhaile thosuigh sé ag ól sa mbaile agus dubhairt an bheirt dearbhráthracha le na n-athair a chuid féin de shubstáint a thabhairt do Chearbhall agus “luath nó mall” a dheanamh dhi. Rinne an t-athair amhlaidh agus thosuigh Cearbhall ag ól arís. Nuair a bhí deireadh ólta aige acht ocht bpiginn déag chuaidh sé go teach an óil agus d’ól sé an méid sin.
“Tá deireadh ólta anois agam” ar seisean, “agus imtheochad béal mo chinn agus ní fhillfead go teach m’athra choidhche!”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac An t Saoi
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ballycroy, Co. Mayo