School: Caisleán na hÉille (The Neale)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 191

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 191

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Page 191
  3. XML “Na Fataí Troma”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Fataí Troma.
    Bhí fear ann tráth agus bhíodh sé ag imirt cleasa ar dhaoine. Máirtín a thugadh chuile dhuine air. Is ins an mbaile seo - Baile Uí Ruairc - a bhí sé in a chomhnuidhe.
    Uair amháin d'imir sé cleas ar fear darbh' ainm Seán Shéamuisín. Bhí an bheirt fhear seo ag obair ins an bpáirc céadna lá áirithe. Ag baint fataí a bhíodar. Dubhradh (se) le Seán ar maidin roinnt fataí a thabhairt abhaile sa trathnóna le h-aghaidh dinnéir an laé dar gcionn. Nuair a bhí na fataí bainte ag Máirtín dubhairt sé go bpiocadh sé na fataí do Sheán chun go mbeadh siad ag dul abhaile in éinfeacht. Is dócha go raibh cleas eicín in a cheann ag Máirtín.
    Nuair a bhí Máirtín ghá phiocadh chuireadh sé trí nó ceathar polltóg de clocha móra isteach sa mhála i ngan fhios do Sheán, agus ní raibh sé i bhfad ag líonadh an mála. Annsin d'fhéach Seán ar an mála agus dubhairt sé go raibh a dhóthain ann aige le iomchur abhaile. Bhíodar ag dul leo mar sin go (gcaithfidh sé) dtáinigeadar go teach a bhí leath-bhealaigh ar a shlighe. Dubhairt Máirtín go gcaithfidh sé dul isteach le deoch uisge d'fhaghail agus dubhairt Seán go rachad sé fhéin isteach len a píopa a dheargadh. Leag Seán an mála ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Sinéad Nic Bháird
    Gender
    Female
    Informant
    Patrick Warde
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Ballyrourke, Co. Mayo