School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bheirt iad féin ortha. Níorbh fhada go raibh an bhean óg in a toirchim suain mar bhí sí traochta amach acht níor chodail Geilis. Mar sin fhéin leig sé air go raibh sé in a chodladh, agus thosuigh sé ag sreannadh.
Ag a haon dhéag a chlog san oidhche tháinig inghean na seam-mná istheach. Bhí sí fhein agus a máthair ag an teine agus iad ag sioscadh le cheile. Bhí Geilis ag faire ar feadh an ama. Taréis tamaill chuaidh an inghean amach.
Bhí sé leath-uaire imthighte, agus ní raibh sí ag teacht ar ais. Cheap Geilis annsin gur spiadóirí a bhí ionnta agus gur i gcoinnidh an fathaigh móir a bhí sí imthighte chun na mna óige a bhreith leis arís. Leim sé suas as a leabhaidh agus dúisigh sé an bean óg. Rug sé greim ar an sean-bhean agus d'fhiafruigh se dí cá raibh a h-inghean imithge. Dubhairt sí go raibh sí imthighte i gcoinne canna uisce le h-aghaidh a bhricfeasta.
"Chonnaic mé tobar fíor uisce cúpla céad slat ó'n tigh," arsa Geilis.
"Tá sé sin salach," ar sise, "caithfidh sí dul go tobar atá leat-míle ó seo.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Mheith
- Other names
- Eibhlín Ní Mheith
- Nellie Maye
- Gender
- Female
- Informant
- Mrs Morrin
- Other names
- Mrs Morrin
- Nóra Bean Uí Mhuráin
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo