Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Geilís na gCos nDubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bheirt iad féin ortha. Níorbh fhada go raibh an bhean óg in a toirchim suain mar bhí sí traochta amach acht níor chodail Geilis. Mar sin fhéin leig sé air go raibh sé in a chodladh, agus thosuigh sé ag sreannadh.
    Ag a haon dhéag a chlog san oidhche tháinig inghean na seam-mná istheach. Bhí sí fhein agus a máthair ag an teine agus iad ag sioscadh le cheile. Bhí Geilis ag faire ar feadh an ama. Taréis tamaill chuaidh an inghean amach.
    Bhí sé leath-uaire imthighte, agus ní raibh sí ag teacht ar ais. Cheap Geilis annsin gur spiadóirí a bhí ionnta agus gur i gcoinnidh an fathaigh móir a bhí sí imthighte chun na mna óige a bhreith leis arís. Leim sé suas as a leabhaidh agus dúisigh sé an bean óg. Rug sé greim ar an sean-bhean agus d'fhiafruigh se dí cá raibh a h-inghean imithge. Dubhairt sí go raibh sí imthighte i gcoinne canna uisce le h-aghaidh a bhricfeasta.
    "Chonnaic mé tobar fíor uisce cúpla céad slat ó'n tigh," arsa Geilis.
    "Tá sé sin salach," ar sise, "caithfidh sí dul go tobar atá leat-míle ó seo.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Mheith
    Ainmneacha eile
    Eibhlín Ní Mheith
    Nellie Maye
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mrs Morrin
    Ainmneacha eile
    Mrs Morrin
    Nóra Bean Uí Mhuráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo