School: Cill Bheidhin (Kilvine) (roll number 16019)
- Location:
- Kilvine, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Ó Reachtagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Bheidhin (Kilvine)
- XML Page 686
- XML “An Fíodóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dubhairt sé "Féach an méid fathach a mharbhuigh mé agus tá mé i n-ann thú a mharbhú freisin". Tháinig faitchíos ar an bhfathach agus thug sé cuireadh do'n fhigheadóir dá theach. Chuaidh sé go teach an fhathaigh agus d'innis sé an sgéal ar fad dá mháthair. Dubhairt sí leo go dtuibhradh sí roinnt trialacha dóibh agus an té a theipfeadh air go bhfuigheadh sé bás. Sé an chéad ceann a thug sí dóibh ná féachaint cé aca ba mhó a thiubhradh uisge abhaile. Thug an fathach bairile leis go dtí an tobar agus chuaidh an figheadóir freisin acht níor thug sé acht láidhe agus sluasad. Nuair a lín an fathach an bairile thosuigh an figheadóir ag romhair mór timcheall an tobair. D'fiafruigh an fathach de céard a bhí sé ghá dhéanamh agus dubhairt sé go raibh sé ag tabhairt an tobair ar fad leis acht níor leig an fathach dhó é sin a dhéanamh agus dubhairt sé, "Má thugann tú an tobar ar fad leat ní bheidh a thuilleadh uisge againn". Annsin chuadar abhaile agus d'iarr máthair an fhathaigh ar an bhfigheadóir cá raibh(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Mhichíll
- Gender
- Female
- Address
- Baunmore, Co. Galway
- Informant
- Donnchadha Ó Michíll
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Baunmore, Co. Galway