School: Cill Bheidhin (Kilvine) (roll number 16019)
- Location:
- Kilvine, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Ó Reachtagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Bheidhin (Kilvine)
- XML Page 685
- XML “An Fíodóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fathach ba shine a ghualann leis an mballa arís acht do bhuail an figheadóir ar an gcluais é nuair a bhí sé ar tí é a leagann. D'iompuigh sé go feargach ar an bhfathach eile agus dubhairt "Tusa atá ciontach le mo dhearbhráthair óg a mharbhú aréir". Annsin thosuigh siad ag troid agus mharbhuigh sé an dara fathach agus chuaidh sé abhaile gan aon dochar a dhéanamh an oidhche sin. Ar maidin tháinig an fear saidhbhir agus do theasbáin an figheadóir an fathach eile a bhí marbh dó. Annsin d'iarr sé ar an bhfigheadóir céard a bhí uaidh an treas oidhche agus shocruigh siad ar trí céad punt. An triomhadh oidhche chuaidh sé an-áirde ar an gcrann arís. Tháinig an fathach agus bhí sé ar tí an balla do leagann nuair do bhuail an figheadóir ar an gcluais arís é. D'iompuigh an fathach thart agus chonnaic sé an figheadóir ar an gcrann. Dubhairt sé leis a theacht anuas gurab é a bhí cionntach le bás a bheirt dearbhráthair. Nuair a tháinig an figheadóir anuas theasbáin sé an fógradh d'on fathach(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Mhichíll
- Gender
- Female
- Address
- Baunmore, Co. Galway
- Informant
- Donnchadha Ó Michíll
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Baunmore, Co. Galway