Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin

Suíomh:
Newport, Co. Mayo
Múinteoir:
An tSr Padraig
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Tobar Naomh Báirbre”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tobar Naoimh Bháirbre
    17.6.1934
    Ó Seóirse Ó Máille, Burghus Umhaill Baile Uí Fhiacháin, Co Mhuigheó a fuaras é seo. Feilméar meadhon aosta atá ann, a tógadh in a áit dhuthchais ó rugadh é. Ó na thuismightheóirí a chuala sé é agus é na ghasúr.
    Bhí cailín óg na comhnuidhe in aice an clochair i mBurghus Umhaill uair amháin. Bairbre a b'ainm dí. Deagh-chailín craibhtheach abhí innti gan meas aici ar shaidhbhreas ná ar rudaí mealltacha an t-saoghail seó. Bhí a croidhe bunuighthe ar Dhia is bé mian a croidhe caille na mna riaghalta do chaitheamh i gclochar Bhurguis Umhaill. Cailín dathamhail a bhí innti freisin. Lá amháin casadh dream saigdiúirí Sasanaigh uirthi. Thuit an caiptín i ngradh leithe ar an bpoinnte, agus d'fhan indiaidh na bhfear eile le na bhladar do chur uirthi. Thug sé na seacht mionn nach n-imtheochadh sé uaithi, go mbéadh sí sásta imtheacht mr bhean leis. Chuir an chainnt sin Bairbre go mór tré na céile, ach chuimhnigh sí ar sheift. Cheistnigh sí é agus fuair amach uaidh gurbh a súile áilne a mheall é. Ar an bpoinnte phioc sí amach a súile as a ceann. Chuir an gniomh faithchios is scannradh a anma ar an gcaiptín is rith sé uaithi chomh mear is bhí na chosa. Bhí luachra ag fás go tiugh san áit sin is chrom sí síos is tharraing sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seóirse Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Burrishoole, Co. Mayo