Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Suíomh:
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr Padraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Eidhean ag eascar id stuaigh
Neanntóg ruadh id urlár úir
In aimhdheoin an Eidhin is na neanntóige is éasgaidh an séipéal d'aithint, mar tá na h-altóirí ar fagháil fós. Os comhair na priomh altórach atá uaigh an Athar Mhic Suibhne a crochadh le saigdhiúirí am na bhfrannach. (Os comhair altórach eile) In aice leis de réir an t-seancuidhe tá uaigh an Chléirigh, duine des na ceathrar maighistirí. Os comhair alórach eile tá beirt bhan riaghalta curtha. Tá fotharaigh an clochair so-fheicthe gan idir é agus an mhainigthir ach garrdha. Timcheall ceathramha míle ón gclocar tá oileán na mna-riaghalta, ar an taobh thoir ó thuaidh, agus timcheall ceathramha míle ar an taobh thoir ó theas tá tobar beannuighthe. Taobh leis an gclochar tá tobar beannuighthe eile ar a dtugtar tobar Naoimh Bháirbre.