Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 16
- XML “Tomhasanna”
- XML “Comharthaí Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhasanna.
Cáide an ceud pháirt dé’n bhó a thig isteach ar an dorus
Freagar, An anál.
Teachtaire beag ó theac go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche
Freagar, Casán beag idir dhá theach. (agus l)- Bailitheoir
- Máire Ruiseail
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Dhún na nGall
- Comharthaí Aimsire.
Ma bhíonn an cat ag sgríobhadh cliabh nó mála nó cathaoir, sin comhartha gaoithe móire.
Ma bhíonn an cat a nighe a agaidh agus a chrub a cuir siar i gcúl a chluaise, sin comhartha go bhfuil an fearthainn ag teacht.
Ma bhíonn an madadh ag ithe féir, sin comhartha go bhfuil an fheartainn ag teacht, nó an aimsear ag briseadh.
Má bhíonn na realtoga ag soillsuí go loinnreach, sin comhartha go bhfuil siocán ag teacht.
Má theidheann an ghrían i luighe dearg, sin comhartha go mbéidh lá maith ann lá thar na bharach.
Nuair a imthigheas na geacha ar eiteogaí, sin comhartha go bhfuil lá [ga]? mór ag teacht.
An lá sula dtigidh fearthainn bíonn piánta ar na seandaoine a bhfuil pianta cnamh ortú. Bíonn na cnamha marbh leobhta.
Ma bhíonn cuma corcarach ar an spéir tráthnóna, sin comhartha go bhfuil an ghaoth mór teacht.
Ma bhíonn na srutáin ag rith agus tormán acú san oidhche sin comhartha go bhfuil siocán ag teacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Dhún na nGall