Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 84

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 84

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 84
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. [-]
    Sgéal
    Bhí fear uasal agus a bhean na gcomhnuidhe i-n Éirinn fad ó shoin. Ní rabh aca ach aon nighean amháin agus bhí siad go h-íontach maith duithe. Achan buachaill a rabh ar fastodh aca o deirigh an giorsach mór chuireadh siad un bháis iad. An bhuachaill deireannach a bhí ar fastod aca ba mhaith leis an giorsach é a phosadh ach níor mhaith le na h-athair no le na mathair sin. Ní rabh fhios aca caidé an leithsgeal a geobhadh siad le cur un bhais. Lá amháin dimthig an fear uasal chuig bean fheasach go n-innseochad sí do caidé an gleas bhais a chuireadh sé ar an bhuachaill. Dubhairt an bhean feasach na focla seo. “Nach bhfuil tobar os cionn do thoige nar glanadh le céad blidhain”. “Tá”, arsa seisean. “Nach mbíonn tú ar shiubhal ag seilg achan mhaidín” “Bíonn” arsa seisean. Nuair a béas tú ag imeacht ar maidín imarach tabhair leat é go dtí an tobar agus (b) iarr air an tobar a bheith glan aige nuair a thiocfas tú. Iarr fosta air an uibh atá thíos ar thóin an tobair a bheith aige le taisbeant duit”. Tóg an fear amach go dtí an tobar e agus dinnis sé sin do. “Anois, arsa seisean arais bíodh an tobar glan agat tráthnona na bainfidh mé an cloigean díot” “Maith go leor” arsa an buachaill. “Deanamh mé sin”. Dimthigh an fear na chnuic agus an buachaill a glanadh an tobair. Níl aon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Nic Aodha
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Maighriad Bean Uí Duibhir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Bean féirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cnoc an Chaocháin, Co. Dhún na nGall