Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 103
- XML “An Bhaintreach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- [-]An Bhaintreabhach
Bhí baintreabhach mná ann fad ó soin, agus bhí trúir mac aici. Bhí siad iongantach bocht, agus d’iarr fear aca ar a mhathair lá amháin bonnóg aráin a dheanamh do agus go rabh sé dul a dhiarraidh a fortún. Nuair a bhí an bunnóg deanta, chuir a mhatair ceist air, “ciaca is fearr leat bhunnóg uilig agua mo mhallacht no a leath, ‘agus’ mo bheannacht. “Dubhairt seisean gur bfearr leis an bhunnóg, agus do mallacht”. Béidh sé beag ago leor agam. Dimthig sé an bunnóg, agus bhí sí ag mallachtaí air go dtí go deacaidh sé as amharc. Ní dheachaidh sé i bhfad go dtáinig sé fhad le tobair, a rabh uachtar meala agus iochtar fola air. Bhí sé dul a shaitheadh an t-arán ins an mhil nuair a tháinig madadh beag thart ag iarraidh piosa aráin. Dubhairt an fear go rabh sé beag go leor aige fhéin. Mheasg an madadh a rubhall, agus chuir sé uachtar fola agus iachtar meala air beigin de’n fear an t-arán a ite tirm. Níor shiubhal sé i bhfad gur casadh fear air. Chuir an fear ceist air “cá rabh sé ag dul indiú”. “Ta mé ag iarraidh fastodh”. Tá mise ag iarraidh gasúr arsa an fear, agus d’fastuigh sé an gasúr. Anois arsa an fear, cé bith fear againn a beas fearg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gríanna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Grial, Co. Dhún na nGall