Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín

Suíomh:
An Baile Nua, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Muiris Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 77

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 77

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
  2. XML Leathanach 77
  3. XML “Bearna an Mhadra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I sléibhte an Chomaraigh tá bearna nó mám ar a dheineann na daoine comhgar ag dul ó Cill Rosanntaigh ar an taobh theas díobh go dtí Cill Brian ar an dtaobh thuaidh agus 'sé an ainm a tugtar uirthi ná Bearna an Mhadra. Tá an scéal seo leanas i mbéil na ndaoine dé chúis gur tugadh a leithéid d'ainm uirthi. Lá dá raibh Naomh Pádraig ag dul ar a miisiún do tháinigh sé go dtí bárr na sléibhte seo agus do shuí sé síos chun a scíth do ligint. Bhí dúthaigh an Chomaraigh thíos fén a chóta ag bun na sléibhte. Bhí meitheal ag baint móna gairid dó agus do cheistig sé iad an raibh aon blúire bídh a thabharfaidís dó. Ní raibh aithne ag aoinne aca air agus dúirt duine aca go dtabharfadh sé féin béile dó. Cleasaidhe be eadh an duine san do réir dealramh. Bhí sean-mhadra aige agus cad a dhein sé ach an madra do marú agus beiriú agus chur i gcóir Naomh Pádraigh. Nuair a bhí an dinnéir réidh iage do chuir sé ós comhair Oádraigh é. Do bhlais sé sin é agus do thuig sé ansan an diabhalacht a bhí déanta. Ní nach iongnadh bhí fearg an domhain air agus do chuir sé focal mallacht ortha agus mar píonós do thit cioth cloch agus carraig ar an dúthaig san Contharach ach dúirt sé cé go mbeadh an talamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Sléibhte an Chomaraigh, Co. Phort Láirge