Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín

Suíomh:
An Baile Nua, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Muiris Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 75

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 75

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
  2. XML Leathanach 75
  3. XML “Cloch Labhrais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Idir na bailtí móra Dungarbhán agus Cill Mhic Thomáis agus leath-bhealaigh idir an farraige agus Sléibhte an Chomairig atá suite an charraig iontach san ar a dtugtar Cloch Labhrais. In áit iarcúltha atá sé suite ar phort abhainn agus do réir béaloideas na sean-daoine 'sé an scéal seo leanas a n-innisítear go minic a chuireann in iúil dúinn brí ainm na cloice.
    Níltear deimhneach ar an dtráth aimsire ar a thit a leithéid de scéal amach ach do réir tuairim na ndaoine ba fhada siar é. Déirigh earaontas idir beirt bhan mar gheall ar chóir a chuireadh i leith pir do mnan díobh. Ní raibh cóir ba mheasa dá gcuirtí i leith fear de chine gaedhil an uair sin ná ó shoin i leith ná go mbeadh sé cionntach smál do chur ar ainm chailín. Dúirt an fear seo ina choinne agus ní nach ionadh go raibh faobhar agus buille air más rud é gur mí-cionntac é. Bhí sé mar nós ag muintir den tsean-aimsir ceist achrannach mar sin do chur thar bhrághaidh an sagart paróiste chun a bhfeitheamh do thabhairt air. Go moc ar maidin Airithe do ghluais an chuideachta fé dhéin an tséipéil an áit a bheadh an sagart ag fanacht leo.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Suíomh
    Coill Mhic Thomáisín, Co. Phort Láirge