Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín

Suíomh:
An Baile Nua, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Muiris Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 85

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 85

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
  2. XML Leathanach 85
  3. XML “Na Seanaontaí san Dúthaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhíodh aontaithe ar siúl ins na h-áiteanna seo leanas seo go dtí triocha blian ó shoin : Sráid Bhaile, i mBaile Nua agus i mBaile Cirróig. Dhá uair sa bhlian a bhíodh a leithéid as siúl, i Mí Aibreán agus i Meán Fomhair. Níl aon treó ach an méid acrainn agus troda a bhíodh ar siúl ann toisc an beóir agus an t-uisce beatha a bheith comh saor an uair sin. Do bheadh dream de Na Carabhat agus an Sean-Bheist i gcochail a chéile i gcónaí ann. Téigeadh dream daoine go dtí na h-amtuighthe siúd d'aon gnó ar lorg troda agus bata droighin dubh i lár a ghlaice agus gach fear aca. Do bhí daoine darbh ann an 'Cuircín Balbh' mar daoine díobh san agus ní taithneóchadh aon lá aonaigh leis ná beadh babhta troda aige.
    An lá seo do bhuail duine leis ar an aonach agus chuir sé ceist air conas a raibh an lá ag éirí leis?
    "Go dona" arsan Cuircín "Tá sé a haon a chlog déag agus níor bhuaileadh aon buile fós".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge