Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Muiris Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)B'é cúis gur toghadh i leithéid san áit mar tig cúirte mar ní leigfeadh sé d'eagla d'aoinne focal bréige do rá ós comhair Dé ar an altóir agus an cheist a phlé aca.
Ag gabháilt an bóthair dóibh agus iad ag dul thar an gcloic d'éirigh an clandar eadortha arís. Do thit an fear gur cuireadh an cóir ann leith ar a ghlúnibh agus do ghlaoch sé ar an gclois ag an am céanna crothú go raibh an fírinne ag insint aige. Go lom díreach d'aipigheadh torann uafásach, baineadh crith ar an dtalamh mór-thimpeall, scaoileadh an cloch go díreach ó bun go bárr ina dhá leith agus lábhasadh amach go soiléir, truagh méileach ar scoilt na cloiche : -
"Bíonn an fhírinne searbh".B'é tuairim muintir an dúthaig gur sin tosach an sean-fhocal seo agus is minic a n-airightear é i mbéalaibh daoine agus iad ag cur fhios ar eachtra éigin gan a bheith deimhneach i dtaobh fírinne an scéal.
"Bíonn an fhírinne searbh
Asta cloch-labhais ag preabadh".