Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Leathanach 239súil aistí, agus gur thug sí an bád do. D'fhiafruigh an fathach de an ndéanfadh sé an bád a dhíol leis.
Dubhairt Seán leis ná déanfadh go deimhin mar ná féadfadh sé maireachtaint riamh gan an bád sin.
D'fhiafruigh an fathach de a' bhfuair sé aon rud eile ó'n sean - maoí.
D'innis sé dho go bhfuair sé casóg draoidheachta uaithi.
D'fhiafruigh an fathach de cad é an buadh a bhí leis an gcasóg.
D'innis Seán do nuair a bheadh sé air go bhféadfadh sé gach aoinne a fheiscint ach ná féadfadh aoinne é sin d'fheiscint.
Do chuadar go léir a chodladh an oidhche sin. Maidean lá'r 'na mháireach d'eirighdear go moc agus do bhí breicfeast maith acu.
I lár an lae a bhí an namhaid le teacht.
Nuair a bhí an dinnéar ithte aca d'airighdear an fothram mhór go léir ag teacht (ar lean. i leath 22)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí