Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 055

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 055

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 055
  3. XML “Séamus agus an Púca”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí baintreabhach ann uair agus do bhí aon mhach amháin aice agus Séamus ab' ainm do. Do bhíodar ana bhocht agus fraoch agus tuighe abhí mar dhían ar an dtíghe aca.
    Do théigheadh Séamus ag sguruidheacht gach aon oidhche agus uaireannta do bhíodh sé ana dhéanach nuair a bhíodh sé ag teacht abhaile. An oidhche seo do bhí sé ag sguruidheacht mar ba ghnáth agus do bhí sé ana dhéanach nuair abhí sé ag teacht abhaile.
    Is dócha go raibh sé ag déanamh amach ar a dó-dhéag a chlog san oidhche. Dob' éigin do dul thar leasa. Nuair abhí sé ag gabháil thairis do léim púca amach agus do rug sé greim air agus do thosnuig sé ag caint leis agus dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé teacht leis féin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luaisaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí