Scoil: Kilbaha
- Suíomh:
- Cill Bheathach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Pádraig Ceitinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilbaha
- XML Leathanach 373
- XML “Tobar Chuain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tobair beannuighthe é seo atá gairid don bhothar atá idir teach osta Coill-Bheathaighe agus an teach eaglais. Tá roilig ar a dtugtar Cill Chuain in aice leis.Tugann daoine tuiris ar an dtobar chun leigheas d'fhághail ar ghalair áirithe, go mór mhór súile tinne.Nuair a thagann an oilithreach go dtí an dtobar deireann sé an phaidir seo
" Go mbeannuighídh Dhia duit a Chuain Naomhtha, go mbeannuighídh Muire dhuit is beannuighim féin duit. Is chúghatsa a tháineas ag gearán mo scéil duit agus ag iarradh do chabhair in onóir Dé ort.
Annsan togann sé ceann aca ar charn beag cloch atá gairid don tobar, agus téigheann sé timcheall an tobar ag rádh a Choróin Mhuire. Gach uair a théigheann sé thimcheall leagann sé cloch ar an gcarn. Leanann sé mar seo go mbíonn na deich gcloichíní idighthe aigeTéigheann sé ar a ghlúnaibh arís agus críochnuigheann sé an Choróin Mhuire. Tugann sé na tuiris seo mar an gcéádhna ag an roilig. 'Na dhiaidh seo baineann sé deich gcinn do dhuilleógaibh, agus tugann sé(leanann ar an chéad leathanach eile)