School: Kilbaha

Location:
Kilbaha, Co. Clare
Teacher:
Pádraig Ceitinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 373

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 373

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kilbaha
  2. XML Page 373
  3. XML “Tobar Chuain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tobair beannuighthe é seo atá gairid don bhothar atá idir teach osta Coill-Bheathaighe agus an teach eaglais. Tá roilig ar a dtugtar Cill Chuain in aice leis.
    Tugann daoine tuiris ar an dtobar chun leigheas d'fhághail ar ghalair áirithe, go mór mhór súile tinne.
    Nuair a thagann an oilithreach go dtí an dtobar deireann sé an phaidir seo

    " Go mbeannuighídh Dhia duit a Chuain Naomhtha, go mbeannuighídh Muire dhuit is beannuighim féin duit. Is chúghatsa a tháineas ag gearán mo scéil duit agus ag iarradh do chabhair in onóir Dé ort.

    Annsan togann sé ceann aca ar charn beag cloch atá gairid don tobar, agus téigheann sé timcheall an tobar ag rádh a Choróin Mhuire.
    Gach uair a théigheann sé thimcheall leagann sé cloch ar an gcarn. Leanann sé mar seo go mbíonn na deich gcloichíní idighthe aige
    Téigheann sé ar a ghlúnaibh arís agus críochnuigheann sé an Choróin Mhuire. Tugann sé na tuiris seo mar an gcéádhna ag an roilig. 'Na dhiaidh seo baineann sé deich gcinn do dhuilleógaibh, agus tugann sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish