School: Kilbaha

Location:
Kilbaha, Co. Clare
Teacher:
Pádraig Ceitinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 371

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 371

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kilbaha
  2. XML Page 371
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí file annso in áit eicínt in Iarthar Co. an Chláir. Aodh Buidhe Mac Cuirtín do b ainm dó. Bhí feirm bheag talmhan aige, agus bhíodh sé ag cumadh amhrán leis. Bhí file eile thall i gCiarraidhe darb' ainm dó Tadhg a' Phota. Theastuig ó Thadhg dán do chur na luighe ar Aodh Bhuidhe. Tháinig Tadhg treasna na Sionainne ag lorg Aodha Bhuidhe. D'airig Aodh go raibh sé ag teacht. Chuaidh sé amach agus ghleás sé é féin suas mar sglabhuidhe. Níor bhfada go dtáinig Tadhg. D'fiafruig sé de an raibh sé a bhfad o theigh Aodha Bhuidhe Mac Cuirtín. "Nil tú ró fhada uaidh" arsa Aodh, acht ar mhiste dhom fiafruighe díot cad é an gnó atá agat de. Badh maith liom dán do chur na luighe air ar seisean.
    Bfearra dhuit dul abhaile agus do phota do rinnseál no gad do dheanamh do ghaineamh no de ghrán na bheith ad iarraidh dán do chur na luighe ar Aodh Buidhe Mac Cuirtín.
    "A h é tú féin a bhuachaill mhaith" arsa Tadg a Phota
    "Mise buachaill aimsire atá ag Aodh Buidhe".
    "Má tá na buachaillí aimsire comh maith san" arsa Tadhg a'Phota, tá an diabhal ar fad ar na maighistir, agus d'imtigh sé leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish