Scoil: Dún Beag (C.)
- Suíomh:
- An Dún Beag, Co. an Chláir
- Múinteoirí: Eibhlín Ní Shúilleabháin Bean an Ághasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirméoir láidir in iarthar an Chláir fadó agus theastuig buachaill aimsire uaidh. Buail buacaill bocht ó chúige Connacht isteach chuige lá agus d'íarr sé obair air. "Níl se de deallramh ort" ars an feirméoir "go bfuilirse láidir go léor cum morán a dheunamh". "Bain trialladh asam" ars an buachaill. Do dhein dar ndóig agus a lethéid d'fear cum oibre níor bhúail leis an bfeirméoir riamh. Dein an buachaill aimsir leis agus nuair d'fhíafruigh an feirméoir de cad é an tuarascal a bheadh uaidh, "Ní bheidh uaim" ar san garsún Connachtach "acht lán mo bhirt d'arbhar in deire na bliadhna" bhí an feirméoir fásta leis sin.
Nuair abhí an bliadhain istigh, dubhairt an buachaill leis an máighistir go gcaithfeadh sé bheith ag dul abhaile cun a mhuincire féin. "Tá go maith" ar an feirméoir, "Teighir amach san iothalan agus líon do bheart". D'fág an buachaill slán(leanann ar an chéad leathanach eile)