Scoil: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis

Suíomh:
Gort Bhotha Fearna, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tadhg Mac Garbhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0611, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0611, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis
  2. XML Leathanach 089
  3. XML “Cumhacht Brighid Uí Mhoch Éirí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon uair amháin bhí beirt fear ag baint coirce go h-ana mhoc ar maidin. Tomás de Barra duine acu agus Liam de Barra an duine eile.
    Do bhain Tomás dornán coirce agus d'fheach sé na thimcheall. Chonnaic sé bean ag teacht féna dhéin. Do lean sé air ag baint do féin gan a thuille suime a chur uithe ach nuair d'fheach sé na thimceall arís bhí sí díreach ar a chúl.
    Tharraing sí amach as a póca paca cártaí. Do leath sí a h-aprún amach ar an dtalamh. Chuir sí na cártaí síos air agus do labhair sí le Tomás agus adubhairt "Bain díóbh so dom." "Diabhal an cárta a d'imir mise riamh" arsa Tomás
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam de Barra
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Róisín de Barra
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Garvillaun, Co. an Chláir