School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Teacher:
(ní thugtar ainm)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 319

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 319

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 319
  3. XML “An Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus thuiteadh an díon isteach sa chistin. Bhíodh alán daoine ag iarraidh an láimh in uachtar d'fhágail ar an tighearna Annsley agus is iomdha duine as Gleann-Gaibhleann a thug iarracht fé sin a dhéanamh. Bhí cúigear fear déág as Gleann-Gaibhleann agus an méid céadna as Cilineac sa phríosún mar gheall ar bheith a'troid is ag argóint leis an dtighearna. Sgríobh Seán Sheeran amhrán fé sin freisin agus is áluinn í a léigheamh.
    Nuair a cuireadh an tighearna aon líomtighe as a seilbh bhí ortha glanadh leo agus dul go dtí Tighthe na mBocht is fanacht annsin. Deireann cuid de na sean daoine gur thug an tighearna cead do chuid de na daoine dul isteach san sean áit arís ar choingheall go ndíolaidís beagan beag arigid leis gach seachtmhain.
    In aimsir na ndíthshealbhughadh b'éigean do sé líontighe déag dul amach ar thaobh na mbóithre as aon bhaile amháin - Moneensamhráin. Níl le feicéal de na tighthe anois ach na fothracha. Sin adubhairt m'uncal liom agus cuimhnigheann sé ar na rudaí sin go léir. Bailigheadh na deachmhaithe san áit seo céad bliahain ó shoin. Bhí ar na daoine airgead a thabhairt nó dá mbéadh deich gcinn de stacaí coirce aca bhí ortha ceann amháin díobh sin a thabhairt. D'eirigh na daoine tuirseach de agus de réir mar a bhí an uain ag imtheacht rinneadar dearmhad ar na deachmhaithe agus cuireadh deire leo. Ní bhíonn ortha é sin a íoc anois ach bíonn ortha airgead a thabhairt uatha - lión áirithe gach bliadhain. Sé Séamus Ó Doláin, Gubaveeney a bhíonn ghá bhailiú thart annseo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Informant
    Seán Sheeran
    Gender
    Male
    Address
    An Deargmhóin, Co. Liatroma