Scoil: Gortloney (uimhir rolla 11978)

Suíomh:
Gortloney, Co. na Mí
Múinteoir:
Eoghan de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0716, Leathanach 163

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0716, Leathanach 163

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortloney
  2. XML Leathanach 163
  3. XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mbaile an t-Saoir, bain sé truslóg as féin agus é ag dul thar falla árd agus do briseadh a mhuineál.
    Rud eile mar críoch. Tá a lán crosanna, agus iad an-ársa ar fad le fághail annseo is annsúd san gceanntar, thart tímcheall ar Fobhar, ach níl aon rud cinnte "san mbeal-oideas 'na dtaoibh.
    Deirtear go raibh ceithre cinn deug díobh ann ar dtús agus gurbh é Naomh Feichín fein a chur suas iad i gcóir turas na Croise. Deirtear freisin gur cuireadh suas iad chun teorannta talmhan na mainistreach do marcháil. Tá ceann díobh 'na seasamh i gceart-lár bhaile Fobhair anois, agus ceann eile ar thaobh an bhothair timceall ceathramhadh míle ó'n sráidbhaile, agus cúpla ceann eile i n-áiteacha eile, san tímceallacht. Go dtí le déanaigh bhíodh sé de nós ag lucht tóirimh stad a dhéanamh ós chomhair na gcrois seo an fhaid is a bhídís ag radh an De Profundis i gcoir anma an duine máirbh. Ach mar an gceadna le n-a lán sean-nósanna eile, leigeadh do'n sean-nós seo dul ar cheal, le cúpla bliadhain anuas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge