Scoil: Tulach Cruinn, Inis (uimhir rolla 7708)

Suíomh:
Tulaigh Chrainn Uachtarach, Co. an Chláir
Múinteoir:
Micheál Ó Maranáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0601, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0601, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cruinn, Inis
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus is é a ainm ná Seán ÓDoracaoi. Ní raibh aon ladb (?) aige air chuir eagla ar na daoine. Do chuir sé bóirlín na timcheall aon oidhche amhain, agus do chuaidh sé amach id'thaobh an chlaidhe agus bhí coinneal ar a láimh aige. Do stad sé annsan nuair a tháinigh fear ar an mbóthar agus ní feacta aon aointeas. Ciongnadh riamh nar chaill a'duine bocht a shaol. Chuaidh sé an oichdhe eile ins an áit céanna, chuaidh sé do dhá ghlúin agus a dhá láimhe a'thaobh a bóthar. Chuir sé madra mór suas air a dhrom. Bhí sé ag chuir a dhrom suas agus síos agus an madra suas agus síos leis. Bhí dhá chailíní ar an mbóthar agus níl aon cur síos chun ar a'eagla a chuir sé ortha nó raibh siad ábalta ar dhul abhaile leis an eagla a chuir sé ortha. Do bhí alán spórt ar an fear sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Bhrugha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tulaigh Chrainn Uachtarach, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Bhrugha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    71
    Seoladh
    Tulaigh Chrainn Uachtarach, Co. an Chláir