Scoil: Baile Choitín (B.) (uimhir rolla 16109)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Choitín (B.)
- XML Leathanach 061
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sí Nodhlag an féile is mó sa bhlíadhan. Tugtar oidhce Nodhlag ar an oidhce roimh Lá Nodhlag. Bíonn rínnce agus ceól agus ceól agus spórt i ngac tig oidhce Nodhlag. Bíonn oidhce Nodhlag againn an 24adh lá de mí na Nodhlag. Is gnáth le gac aoinne bheith na thig féin oidhce Nodhlag. Bíonn gac tig ana dheas mar cuireann siad cuileann agus eidneán ar na fallaí cun an tíghe do mhaisiú. Bíonn áthas ar gach aoinne oidhce Nodhlag go mór mhór ar na búacaillí óga. Ceapann siad go dtagann Santa Cláus agus go gcuireann sé rudaí deasa ins na stocaí a bhíonn ag crocadh in aice an leapthan. Lasann síad coinneal mór oidhce Nodhlag cun onóra do thabhairt do ár Slanuitheoir.
Sí an leanbh is óige san dtig a lasann an coinneal. Bíonn Lá Nodhlag againn ina dhíadh oidhce Nodlag. Bíonn dinnéir mor i ngac tig Lá Nodhlag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Ríordáin
- Inscne
- Fireann