School: An Pasáiste, Corcaigh

Location:
An Pasáiste, Co. Chorcaí
Teacher:
William Meiklejohn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0390, Page 044

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0390, Page 044

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Pasáiste, Corcaigh
  2. XML Page 044
  3. XML “Caisleán i mBaile na Manach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. In aice leis an bPasáiste tá Paróiste Baile na Manach. Ba leis na Cárrthaigh é tráth, ach diadh ar ndiadh do thuit sé isteach i seilbh fir darbh ainm Seán Mac Óda. Bhí sé i seilbh an duine sin go dtí 1691, nuair do baineadh de é tosc gur fhan sé dilís do chreideamh Chríost agus do chúis na h - Éireann. Do cheannuigh Sir Thomas De Vesci annsan é agus tá an chuid is mó de is seilbh a mhuinntire fós.
    Do phós Seán Mac Óda cailín de mhuinntir Gould, ach tamall tar éis pósta dóibh, b'éigean do Sheán teiteadh as an dtír agus dul isteach in arm na Spáinne. An fhaid a bhí Seán as baile do cheap a bhean gur mhaith an rud caisleán do thógáil chun é do bhronnadh air, nuair do thiocfadh sé thar-nais go h-Éirinn airís. Bean cliste dob eadh í, chuir sí chun na h-oibre go ciallmhar is go tuisgeannach agus ar chriochnú an chaisleáin dí, ní raibh caillte aici de bhárr an t-saothair ach 4 1/2 pingne. Ag seo mar do tharlaidh é.
    Ceannuidhithe móra igcathair Chorcaighe dob eadh muinntir Gould, agus dár bhrígh sin d'fhéadfadh an bhean gach earradh do cheannach go h-ana shaor ar fad. Bhí tuarastal ana-íseal an uair sin, mar is beag airgid a bhí sa tir, agus do tugtaí lóisdín, cothú, agus éaduigh do'n lucht oibre mar phágh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eoghan de Leastar
    Gender
    Male