Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Leighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí áit a théigeadh sé i bhfolach thuas i leabaidh aige. Pluais fé'n dtalamh a bhí ann. Tugtar "Leabaidh an Bhricligh" fós air. Bhí dhá bhóthar ar a dheineadh sé robáil (a) an Sean-Bhothar ó Chorcaigh go Magh-Ealla, (b) An Sean-Bhóthar ó Chorcaigh go Baile na h-Úbhla. Seo cuid des na h-eactraí a bhain do.
SGÉAL an CHAPAILLReathaidhe iongantac a bhí sa Bhricleac a's fiu amháin bhí sé ábalta imtheacht ó'n gcapall do b'fhearr. Ac bhí capall amhaín ag Purdon, Oifigeac a bhí ar na saighdiuirí a bhí i Mágh-Ealla agus bhí sé an-thapaidh. Tar-éis cúpla iarracht a dhéanamh ar theacht ar an gcapall do shocruigh sé ar an gcapall do mharbhú. Bhí Purdon ag dul ó Mágh-Ealla ó Corcaigh. D'fhan an Bricleac leis in aice leis an "Eaglais Geal," agus do lean sé é go Linn Dubh. Bhí an capall ag tógaint dighe ansin ag an "Ceardcha Dhearg" (tigh an Cuistim (?) anois). Tháinic an Bricleac taobh thiar dhe agus do bhain sé na cosa dhe'n chapall le claidheamh.Ansan cuireadh na Saighdiuirí ar a thóir. Rith sé rómpa i dtreó Mágh-Ealla. Do ghaibh sé tré "Baile Mágh Ubhla agus ansan nuair a bhí na saighdiuirí ag teannadh leis do leim sé an Abha Mhór in aice le Magh-Ealla. Bhí bean ar an dtaobh eile agus i ag nighe éadaighe. "Dob' éactach an léim í sin," ar sise, agus sgeón 'na súile. "Dob' é cinnte" ars an Bricleac "ach feác an Rith a bhí agam(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Leighinn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)