School: Glashaboy (roll number 10569)

Location:
Glashaboy North, Co. Cork
Teacher:
Liam Ó Leighin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 532

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 532

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Glashaboy
  2. XML Page 532
  3. XML “Ropairí sa Comharsanacht - An Bricleac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí áit a théigeadh sé i bhfolach thuas i leabaidh aige. Pluais fé'n dtalamh a bhí ann. Tugtar "Leabaidh an Bhricligh" fós air. Bhí dhá bhóthar ar a dheineadh sé robáil (a) an Sean-Bhothar ó Chorcaigh go Magh-Ealla, (b) An Sean-Bhóthar ó Chorcaigh go Baile na h-Úbhla. Seo cuid des na h-eactraí a bhain do.

    SGÉAL an CHAPAILL
    Reathaidhe iongantac a bhí sa Bhricleac a's fiu amháin bhí sé ábalta imtheacht ó'n gcapall do b'fhearr. Ac bhí capall amhaín ag Purdon, Oifigeac a bhí ar na saighdiuirí a bhí i Mágh-Ealla agus bhí sé an-thapaidh. Tar-éis cúpla iarracht a dhéanamh ar theacht ar an gcapall do shocruigh sé ar an gcapall do mharbhú. Bhí Purdon ag dul ó Mágh-Ealla ó Corcaigh. D'fhan an Bricleac leis in aice leis an "Eaglais Geal," agus do lean sé é go Linn Dubh. Bhí an capall ag tógaint dighe ansin ag an "Ceardcha Dhearg" (tigh an Cuistim (?) anois). Tháinic an Bricleac taobh thiar dhe agus do bhain sé na cosa dhe'n chapall le claidheamh.
    Ansan cuireadh na Saighdiuirí ar a thóir. Rith sé rómpa i dtreó Mágh-Ealla. Do ghaibh sé tré "Baile Mágh Ubhla agus ansan nuair a bhí na saighdiuirí ag teannadh leis do leim sé an Abha Mhór in aice le Magh-Ealla. Bhí bean ar an dtaobh eile agus i ag nighe éadaighe. "Dob' éactach an léim í sin," ar sise, agus sgeón 'na súile. "Dob' é cinnte" ars an Bricleac "ach feác an Rith a bhí agam
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Leighinn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir