Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)

Suíomh:
An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Liam Ó Leighin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 546

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 546

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Glashaboy
  2. XML Leathanach 546
  3. XML “Conas a Fuair 'Bottle Hill' a Ainm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear 'na chómnuí in aice le Mainistir na Mórna fadó. Domhnall Mach Carthaigh a b'ainm dó. Bhí clann mhór aige agus bhí sé an-bhocht. Bhí sé eirighe níos boicte ó ló go ló go dtí an deire nac raibh fághtha aige ac aon bhó amháín; d'eirigh sé go moch maidin amháin leis an bhó do thabhairt ar aon aonac. Nuair a bhí sé tamall ag gabhail na slighe, buail fear leis, fear beag a bhí ann. Bhí cruit air agus bata in a láimmh aige. Do bheannuigh sé do Dhómhnall ach ní leigfeadh an t-eagla dó san, ach cupla focal a rádh. Ach do chuaidh an fear beag ar aghaidh leis. D'iarr sé ar Dhómhnall cá raibh sé ag dul agus d'innis Dómhnall a sgéal dó. Do tarraing an firín buidéal as a phóca, agus do thairg se é ar a mbuin. Ní glacfadh Dómhnall leis í dtosach. Ach dubhairt an firin gur buidéal iongantac a bhí ann agus glac Domhnall leis. Cuaidh Dómhnall abhaile agus do cuir sé an buidéal ar an dtalamh agus ar seisean leis "Dein do gnó." Ansan do léím an beirt fhear amac as an buidéal agus chuir an bord i dtreó le plátaí óir etc. Bhí an Carrthach saidhbhir ansin agus do caith sé saoghal duine uasail. Ac do sgar sé leis an mbosca ar móráin airgead agus ó'n lá sin amac bhí ag eirighe bocht airís go dtí ar deire nach raibh ach bó amháin fágtha aige airís. Cuaidh sé ar aghaidh go dtí an aonac airís agus do bhuail an fear leis le buidéal eile. Ar ndóigh do glac Domhnall leis go fonnmhar agus thug abhaile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cnocán an Bhuidéil, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Liam Ó Leighinn
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)