Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (uimhir rolla 14107)

Suíomh:
Baile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Luineacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 081

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.)
  2. XML Leathanach 081
  3. XML “Aogán Ó Rathaille agus an Sliogán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aogán Ó Rathaille agus an sliogán
    Nuair a bhí Aodhgán Ó Rathaille ag taisteal tímcheall Ciarraidhe agus é gan tigh gan áitreabh, do bhuail sé isteach i dtig áirithe agus d'iar ar fhear an tighe cead bheith istigh i gcóir na hoídhche. Do thug agus fáilte mar dheadh. Níor thugadar aon bhiadh do Aodhgán acht mála féir chun luighe air san chúinne. Bhí cúpla ingean ag fear an tighe agus nuair dhimthigh a máthair agus a n-athair a' chodladh, do dheineadar corcán leiteann. D'iarr Aodhgán roinnt de uatha. Do thugadar an chluas bodhar dó, agus d'itheadar é go léir. Fé dheire thiar thall do thugadar an corcán dó agus an sliogán ann chun é do scríobadh. D'éirigh Aodhgán feargach agus do labhair go hárd agus go bagarthach. Dhúisigh fear an tighe, agus ar seisean, cad fé ndear an glór go léir, cad tá cionntach leis sin.
    D'fhreagair Aodhgán é mar leanas: -
    "Mise Aodhgán Ó Rathaille
    Congantóir calma Sliabh Luachra
    Do bhris a shliogán i dteannta a chorcáin
    agus ní le méid an ualaigh."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge