Scoil: Ladhar (C.), Bán-Tír (uimhir rolla 8665)

Suíomh:
An Ladhar, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Síle, Bean Uí Chéilleachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0361, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0361, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ladhar (C.), Bán-Tír
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “Caoineadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mo ghrádh is mo shearc
    Is ó ghabhas umat amach
    Do chuireas mo liúgh abhfad
    Soir agus ó dheas
    Agus do Cuilinn Úi Caoimh isteach
    Ag dúiseacht na bhfear
    Agus ag múscailt na mban
    Gabh mo leath-sgéul leat
    Ní bhfuaireadar an sgeul i bpras (in a hurry)
    Do bhí a gcuid lín eudaigh salach
    Bhí a nguailne ró-lag
    Agus a ndóirse ró-ghlas (doors of grave)
    Agus beidh siad cugat gan stad
    Mo chara agus mo laogh
    Is tu gaol na bhfear thá tré (nú tréith)
    Do cothuigheadh mná gan gaol
    Agus leanbhai ná tigheacht in aos
    Le prátaí, tíortha as aol
    Agus le feol na mart bíodh méith (fat)
    Agus ní h-í an mairt a thuitfeadh sa bhféith
    Ach an mairt a leigfeadh a ghéim
    Ar lár an iomaire réidh
    Féuchaint cá bhfuigheadh sé gaoth
    Mo grádh thu is mo chumana
    Agus geobhaidh me leat cos imill
    Ó thuaidh go Cnoicín a' Choinnigh (near Kiskeam)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Chathasaigh
    Inscne
    Baineann