Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 023
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'itheadh na daoine fadó trí béile an breachfast an dinneár agus an suipeár.
Bhíodh an breicfeast ar a h-ocht a chlog an dinneár ar a h-aon a chlog agus an suipéar ar a seacht a chlog.
Ba ghnáthach le daoine obair a dhéanamh roimh an chéad béile ar maidin. Bhídis ag crúdh na mbó agus ag tabhairt bídh do na capaill. Ní dhéanfadh na mná dearmad ar na cearcha do leigint amach agus íad do glaodhach cun bídh D'ithidís leite déanta de mhin buidhe agus bainne ar maidin agus uaireanta prátaí agus bainne géar.
Bhíodh báiríní móna gorma agus mugaí cré agus adhmaid achú cun d'ol asta. I gcóir an dinnéir bhíodh prátaí agus bainne acha arís agus uaireannta scadáin leasuighthe. Sa Samhradh is minic a bhíodh min-choirce agus bainne géar meascaighthe le céile acha.
Do réir mar a chuaidh na bliadhna thart agus nuair ná raibh na ciósánna ró-árd d'fhéadaidís muc do mharbhú agus dhéinidís bagún dí agus bheirbhighidís giota de sin agus cabáiste agus prátai i gcóir an dinnéir
D'ithidís arán donn agus stampaí Dheinidís Stampaí de phrátai a bhíodh bog ó'n sioc Deintí iad do nighe agus baintí an croicheann díobh agus cuirtí tré gráta stáin íad agus annsan deintí íad do mheasgadh le plúr, salann agus bainne cun císte do dhéanamh. Deintí é do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Ríordáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom an Gharraí, Co. Chorcaí