Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)

Suíomh:
Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún-dá-radharc
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Tiarnaí Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. B'é Sir George Colthurst Tighearna Talmhan aná-mhór dho bhí i mBaile Mhúirne agus i mBlárnan agus do bhí sé ana-chruaid ar na tinióntaidhthe. Do tháining na daoine go dtí an Oifig gan aon bhróg mar bhí siad ró-bhoct cun iad do cheannach. Nuair nár bhféidir léo aon chíos do dhíol do chaitheadh sé an an mbóthar íad agus do dhógadh sé na tighthe i dtreo nár bhféidir leó dul isteach airís
    B'íad na Tighearnaí Talmhan na daoine a thóg seilbh de thalmhaintí na gCatoilicheach nuair cuireadh na péindlighthe i bhfeidhm
    La amháin nuair a bhí Dómhnall Ó Conaill ag labhairt dos na daoine i g-Cillgarbháin uair, do bhí a lán daoine ó Bhaile Mhúirne ann agus dubhairt an t-sean Sir George gan dul leis, go raib sé na mhac tincéara. Dubhairt an sagart a bhí na chómhnuide i mBaile Muirne dul leis do mbeadh mac tincéara ag taistáil uaid féin cun paiste do chuir ar a chorchán agus nuair a chuaidh na daoine abhaile ó'n gcruiniú bhí Sir George as a mheabháir agus bhí sé ag bríseadh na [?]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Hannraoi Ó Buachalla
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Bhuachalla
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí