Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 015
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon mheadan againn sa bhaile anois ach bhí ceann ag mo shínsear ar feadh ceathrachad bliadhain Bhí sí trí troighthe ar aoirde agus troigh go leith na bun.
Do cuirtí an t-uachtar isteach san meidhin agus loinithe isteach ann leis. Bhíodh poll i gclúdach na meidre cun na loinithe do oibruighadh síos agus suas. Cuirtí poll an chlúdaigh tré cois na loinithe agus socruightí an clúdach i dtreó ná scaipfí an t-uachtar.
B'éigin do dhuine seasamh chun na loinithe do bhualadh síos suas le na dhá láimh i dtreo go mbrisfeadh sí an t-uachtar. Bailightí an t-im lé céile annsan leis an loinithe. Nuair a bhíodh sé baiighthe le céile chuiridís isteach i d-tubán uisce é chun é do nídh agus cun an bláthaigh do thógaint amach as. Dhá uair an t-seachtmhain a dheinidís an t-im sa Samhradh agus uair amháin an t-seachtmhain san Geimhreadh Tógadh sé leath-uair chun an t-im do dhéanamh sa Samhradh agus níos mó na san nuair a bhíonn an aimsear fuar.
Dá dtagadh stróinséar isteach le linn na cuiginne do dhéanamh bá maith le muinntir an tighe a lámh do chur sa loinithe agus greas a thabhairt ag bualadh agus "Rath Dhé" do rádh ag taisbeánt ná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Drom Réidh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí