Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)

Suíomh:
Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún-dá-radharc
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “Cúram na gCos Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní chaithidís bróga fadó go mbeidís dhá bhliadhain déag d'aois. Bhíodh a gcosa chómh cruaidh annsan ó bheith ag suibhal ar na bóithre go mbféidir leo rinnce a dhéanamh ar thor aitinn. An t-uisce a níghtí na cosa ann roimh dul a chodladh dhóibh caithtí amach é mar chreididís nár cheart an t-uisce sin do choimeád istigh i gcaitheadh na h-oidhche. Bheadh eagla ortha roimh na púcaí a leighéid do dhéanamh.
    Bróga buinn-adhmaid a chaithidís fadó agus nuair a bhíodh na mná ag dul go dtí an margadh thógaidís a mbróga na lámha go dtí go mbeadh síad cómhgarach do'n bhaile mór. Lá amháin, bhí scata ban ag dul go dtí an margadh le chéile agus a mbróga na lámhaibh acu. Thuit duine achu a chos i gcoinnibh cloiche agus do ghearr sí í agus dubhairt sí "Tá áthas orm anois ná raibh mo bhróga orm"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Bhuachalla
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Bhuachalla
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí