Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)

Suíomh:
Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún-dá-radharc
  2. XML Leathanach 020
  3. XML “Scéal Grinn - Ag Piocadh Cnó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go breágh mar áit cun cno do roinnt - go mbeadh sé an chiúin. In-áirde leis an mála ar an bhfalla is do léimeadar isteach. Bí poll beag ins an mhála agus na cnoíthe - dhá ceann díobh leis an bhfalla síor lasmuigh. "Fágaimis reidhteach íad so go mbeidh an mála féin roinnte". Bhí sin go maith is siúd sa roinnt íad "Tóg é seo arsa Seamus. "Tóg é seo" arsa Seán. "Is tog é seo" arsa Seamus. "Tog é seo" arsa Seán. Mar sin do bí an chainnt acha na focail céadhna acha i gcomhnuidhe, "Tóg é seo! is tog é seo! Tóg é seo! is tog é seo"
    Sa deire tháinig bean an treo is chualaidh sí na glóir. "Tóg é seo, is tog é seo". Buail fhaitchíos is scannradh a croidhe is dhein sí scúird an bóthar síos gur bhuail sí suas le fear.
    "In ainm Dé, a Mhichil, ar sise ma tá ciall agat ná h-imthigh suas a thuille, mar tá Dia agus an Diabhal ag roinnt na n-anamnacha ar a ndícheall ins an reilg thuas.
    "Ac! cuir uait i n-ainm an diabhail, is biodh ciall agat. Síad na speabhraoidí atá ort. Seo leat go bhfeiceam." Agus cun sgéal fada do dhéanamh gairid chuadar le chéile suas an cnoch is shuidheadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Droichead na Toinne, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    95
    Seoladh
    Droichead na Toinne, Co. Chorcaí