School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seo ortha an leigfhidís di féin cleas d'imirt.
Deanfhaidmíd arsa gach aoinne d aon guth.
Thóg sí amach as a póca circín óir agus coilicín airgid agus chuir sí ar an mbórd iad. Thóg sí amach gráinín coirce agus chaith sí chúcha é, do thóg an circín é ach má dhein do bhuail an coilicín í agus do bhain sé di é agus d'ith sé féin é.
Á, arsan circín níor ceart duit-se é sin do dhéanamh liom-sa, an cuimhin leat an lá fadó go raibhais idiarraid an stábla do ghlanadh amach agus an snáthadh abhí ann ceillthe le céan blían d'fhághail, agus muna mbheadh gur deineas sa dhuit é bheadh do cheann ar an spiara ag an rí. Bhí ionghadh ar gach aoinne ach níor labhair aoinne. Thóg sí gráinne eile amach as a phóca agus chaith sí chúcha é, thóg an circín airís é ach má dhein do bhuail an coilicín í agus bhain sé di é agus d'ith sé féin é.
Á, arsan circín cana thaobh gur dheinis é sin, an cuimhin leat an lá fadó go rabhais ag bruach na locha i diarraidh é thaosghadh leis an ngallún agus tú ag lorg an fháinne óir agus muna mbheadh gur dheineasa dhuit é do bheadh sé thíar ort. Nuair d'airig an búacaill é sin dubhairt an buacaill leó go léir dul amach gur bí seo a caillín féin agus b'éigin dóibh go léir dul amach ach an buachaill agus an caillín annsan do pósadh an bheirt- Informant
- Beití Uí Dhuinnín
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Doire an Chuilinn, Co. Chorcaí