Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- XML Leathanach 024
- XML “Caisleán Mhaigh Chromtha - ó 1650 go dtí an Lá Inniu”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Shrois an Tighearna Broghill, Cill-Chré agus ó'n dúthaigh sin, tháinig sé go Carraig-an-Droichid. Bhí cuid de shaighdiúirí an Easbuig i g-Casileán annso agus mar sin, d'fhág Broghill a cheithearnaigh annso agus níor ghabhadar an Caisleán. Chuaidh sé ar aghaidh go tapaidh go dtí Mághchromtha annsan. Nuair a bhí sé ag teacht in aice do'n bhaile, chuir an t-Easbog an caisleán tré theine i dtreo is nach mbeadh sé i lámhaibh an namhaid - mar dá bhfaigheadh an namhad an caisleán, ní bheadh aon tseans ag an Easbog buadhchaint ortha. Annsan do bhailig saighdiúrí an Easbuig ins an bPáirc ar chúl an Chaisleáin agus do troideadh cath fuilteach ann ach mo léan! Toisg go raibh gunnaí agus capaill níos fearr ag an namhaid agus toisc go raibh níos mó cleachtadh ag na saighdiúrí, do buadhadh ar an easbog cé go raibh níos mó saighdiúrí aige féin. Marbhuigheadh an-chuid des na Gaedhil agus ceannasach a bhí acu - Árd-Shirream Chiarraighe. An taoiseach eile a bhí acú, an t-Easbog Baedán Mach Aodhagáín, deineadh prisiúnach de agus tugadh go dtí Caisleán Charraig-an-Droichid é. Bhí a chuid fear ann agus nuair tógadh ós cómhair na bhfear é dúbhairt Broghill leis "Abair leo géileadh anois, agus ní chrocfar thú." "Tá go maith" ars' an t-Easbog, agus chuaidh sé i dtreo na bhfear agus dúbhairt leo - gan géilleadh go deó. Ach cleas do b'eadh é nár thaithn le Broghill. Bhain sé an srian de chapall an Easbuig, dhein croch leis ar chrann-phéirín, agus thug suaimhneas síorruidhe do'n Easbog(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Ríordáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí