Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)

Suíomh:
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 035

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 035

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 035
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”
  4. XML “Scéalta Crábhaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siorrruidhe orra is dóca fá gur chuireadar Moic Dé i gcontabhairt tháth áirithe. Nuair a cheap an Mháthair go raibh an chontabhairt thart tháinig sí amach agus thriall léi an ród.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Lá áirithe d'órduigh Ioruath dá chuid saighdiúr Beithlem a thabhairt ortha féin, an Rí óg, .i. Íosa Críost, a ghabháil agus a mharbhughadh. Ní túisge sin ráidhte ag Ioruath ná thriall complucht saighdiúir chun bealaigh agus deifir ortha chun Íosa a mharbhughadh.
    Chuaidh an sgéal roimh na saighdiúirí. Chuala Máthair Íosa é. Níorbh léi do b'fhaillighe é. Do chaith sí a brat thar a brághaid, rug ar A leanbh, do chuach beanna a brait thart Air is gur theich léi de shiubhal.
    Do bhí sí ag siubhal is ag siubhal go raibh sé in a mheadhon lae, go raibh an ghrian ag sgoilteadh na gcloch; go raibh sí tugtha, traochta, traoithte amach. Do chuala sí an tormán ath-uair. Bhí na saighdiuiri ag filleadh fá'n a déin!
    Leis sin céard a d'fheiceadh sí i logán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge