Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Cá bhfios duit arsan sagart agus do bhí ana fearg air nuair ná raibh fhios ag an mbuacaill cé mhéid dia a bhí ann.
Do stad an buacaill ar feadh tamaill, ag cuimneamh ar cár airigh sé é Fé dheire dubhairt sé mar d'airígheas mo máthair ag rádh le m'athair nuair a bhí sé ag ól dul go dtí na seacht ndiabhail déag.
Do chuaidh an Sagart go dtí tig an bhuachaill sin agus do bhí sé ag cainnt le na athair agus le na máthair agus do bhí ana fhearg air cúcha.
Dubhairt sé go gcuirfheadh sé isteach sa phríosún iad. Gach aon lá as san amach níor ól an athair braon de deoch meisgeamhail.
Tímpeall fiche bliadhain na dhiaidh sin do bhí dritheár den buachaill sin ag foghluim an Teagasg Críosdaidhe agus dubhairt sé an rud céadna agus do chuir an Sagart a athair isteach sa príosún.- Bailitheoir
- M. Ní Críodáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78