School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 0561
- XML “Dómhnall an Óil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dómhnall an Óil Bean Uí Chríodháin
Do bhí fear ina chónaí i nGort-na Sgairte timpeall ocht mbliain ó shin agus is é an t-ainm a bhí air ná Dómhnall an Óil.
Is í an chúis gur tugadh an t-ainm sin air mar do bhíodh sé ag ól fuisce agus pórtair agus gach deoch meisciúil mar sin. D'ólfadh sé gach pingin a thuillfeadh sé.
Ní bhíodh aon airgead aige uaireanta. Do bhí sé pósta agus do bhí tigín beag aige agus do bhí (seisiúr) sa chlann aige, agus ní bhíodh aon rud le n-ithe acu uaireanta.
Aon lá amháin do chuaigh sé go Maghchromdha .in asail agus carr agus ní raibh aon rud le n-ithe ag a bhean agus a chlann sa bhaile agus ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís.
Fé dheire do chuimhnigh an bhean go dtógfadh sí an clann léi go dtí siopa agus(continues on next page)- Collector
- M. Ní Críodáin
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Críodáin
- Gender
- Female