Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0521
- XML “Scéilín Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear na cómhnaidhe i Maghchromdha fadó agus do bhíodh sé ag ól tobach i gcómhnaidhe. Is é an ainim a bhí air ná Seán Mac Suibhne. Do bhí sé pósta agus do bhí clann seisear aige agus do bhí an duine ba sine ceithre bliana nuair a bhí an duine a b'óige bliadhain amháin.
Do bhí Seán ábaltha ar muca do marbhad agus do bhíodh sé á marbhadh ag daoine eile. Do thárla lá go raibh sé ag marbhadh muc agus do rith an muc uaidh agus ní fhéadfadh sé teacht suas in-aon-chor leis.
Do bhí ana fearg ar an bhfear gur leis an muc agus do tosnuig sé ag gol. Ó arsan fear ná bí ag gol deanfhad'sa muc duit.
Do chuaidh an fear isteach sa tig agus do bhí sé déanta nuair a tháinig sé amach.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann