Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 0569

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 0569

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0569
  3. XML “Giota Beag Eile”
  4. XML “Giota Beag Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí beirt buachaillí ag cainnt lá Seán agus Dómhnall agus ní raibh aon athair ag aoinne acu agus dubhairt Seán gur fhág a athair féin cúig míle púnt na dhiaidh agus dubhairt Dómhnall gur fhág a athair féin an domhan go léir na dhiaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí dhá franncach aosta ann uair agus aon lá amháin ní raibh pioc le n-ithe acu agus ní raibh fhios acu cad do thabharfhaidís le n-ithe des na franncaig óga agus lá sneachtaidh do b'eadh an lá céadna.
    D'imthígheadar amach ag lorg rud éigin le n-ithe agus do fuaireadar ubh agus ní fhéadfhaidís é tabhairt abhaile leó agus do shín ceann acu siar agus do cuir an ceann eile an ubh anáirde ar a bolg agus ansan do rug sé ar a eirbeall le na bhéal agus do cuadar abhaile mar sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    S. Ó Liatháin