Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0530
- XML “Tadhg Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear na chómhnuidhe i Réidh na nDoirí timpeall ochtmhóghadh bliana ó shoin agus isé an ainm a bhí air ná Tadhg Ruadh.
Duine ana díomhaoin do b'eadh an Tadhg céadna agus do bhí sé phósta le bean darb'ainm Máire Ní Cuíll agus do bhí sí sin go maith chun oibre.
Nuair a phósadar a chéile ar dtúis do bhí feirm breágh acu ach do loit Tadhg an gnó go léir mar ní dhéanfadh sé pioc. Do caitheadh Máire éirghe go moch ar maidin chun dul go dtí an t-aonach agus nuar a thagadh dódhéug a clog d'éirigheadh Tadhg agus d'itheadh sé a bricfeast leis ansan chómh maith.
D'fhanfhadh sé ag ithe a bhricfeast go dtí go mbéadh sé a dó a clog nú mar sin nuair a bheadh sé criocnuighthe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. Ní Críodáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- S. Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78