School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear saidhbhir ann uair agus do bhí sé pósta agus do bhí beirt inghean ana dheasa aige. Do bhí an beirt inghean ana deallruightheach le na chéile agus ní aithneóchadh a athair agus a mháthair ón a chéile iad.
Ní raibh aon h-alla ann an uair sin ach cómhchalán agus is san oidhche do bhíodh an rínnce ann. Isiad na n-ainimneacha a bhí ortha ná Máire agus Nóra.
Do théighidís go dtí an cómhchalan gach oidhche agus do bhíodh a athair agus a mháthair dhá ghrúdh acu agus ní raibh fhios acu cad a dhéanfhaidis leó.
Do bhí Máire níos óige ná Nóra agus dubhairt an athair leí fanamhaint istigh gach aon oidhche eile agus isé an rud a dheineadar ná dul ann gach dara oidhche agus aon aon oidhche amháin do bhí Nóra ann agus nuair a tháinig sí abhaile do mhairbh sé í.- Collector
- N. Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Bn. Uí Luasaigh
- Gender
- Female