Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 0509

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 0509

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0509
  3. XML “Scéal - An Fathach Dearg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Rígh na chómhnaidhe i n-Éirinn fadó. Bhí sé phósta agus do bhí clann mac agus inghean aige ach do fuaradar go léir bás ach aon mach agus aon inghean amháin.
    Níor fhás an mach órlach ó bhí sé deich mbliadhna d'aois mar do chuir gabha dubh fé draoidheacht é agus do bhíodh sé na luighe i seomra na bhfuair a mháthair bás ann.
    D'fhás an inghean go dtí go raibh sí na cailín áluinn agus do bí inghean áluinn í agus do bhí ana mheas ag an Rígh uirthe.
    Le linn na h-aimsire sin do bhí fathach Dearg na chomhnaidhe i n-áit éigin a bhí na mílthe míle ón áit sin. D'airigh sé mar gheall ar an inghean áluinn a bhí ag an Rígh agus do tháinig sé san oidhche agus d'fhuadaig sé leis í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chríodáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Liatháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí