Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do mhair i gCluain Droichead bean a bhí ana-bhocht ar fad agus ní raibh aon chaint aice.
Do bhíodh sí ag dul mór-thímpeall go dtí na tighthe agus is dóigh liom gura b'amhlaidh a sgríobhadh sí síos a pheacaí agus iad do thabhairt de'n sagart.
Uair amháin do chuaidh sí isteach i dtigh agus chuir sí rud éigin in-áirde ar an gclabhar.
Do thug bean a tighe pingin nó rud éigin de agus d'imthigh sí amach an dorus. Tárla go bhfuair an bhean bocht bás agus do cuireadh í. Cúpla lá tar-éis í so chur d'airíghtí fothramh ana mhinic ins an tigh sin.
Do bhí aithne mhaith uirthe agus bean mhaith grádhmhar ab'eadh i agus do bhí ana-ghrádh ag na daoine sa chómharsanacht uirthe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Risteárd Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí