Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 158
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Peig Ní Luana" an bean feasa go raibh an trácht is mó uirri sa cheanntar so...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    mar a bhí ní ró-fhada go mbeadh sé briste.
    Aon mhaidean amháin nuair deirig sé chuaidh sé amach sa cró ag feachaint ar na buaibh agus chum sop féir do chaitheamh chúca. Bhí ceann acu marbh roimis - slán már a n-innstear é - agus beirt eile ná raibh ionta act an t-anam.
    Chuir sé air a chuid eadaig nuadh agus thiomáin leis go dtí an Ghleann-Garbh chum cómhairle d'fagháil ó Peig. Déist Peig leis nuair bhí sé ag innsint di i dtaobh an mí-aidh do bhí air.
    D'innis sí dho go raibh an cró bó do bhí aige deanta ar sean-casán agus ná beadh aon rath ar na beithídíg go ndeintí cró na bó nó an chuid de do bhí ar an gcasán do leagadh. I dtaobh na mbeithídheach do bhí breóidhte do thug sí dho buidéal beag in a raibh uisge go raibh dath glas air. Dubhairt sí leis é chur na phóca agus gan é thógaint as go dtéigheadh sé abhaile agus ar a bhás gan é thaisbeáint d'éinne.
    Dubhairt sí leis go mbuailfheadh ceann de's na buaibh do bhí breóidhte na dhiaidh sa bhaile leis. Nuair bheadh se ag gabháil soir Uaig-an-Leinbh ; go mbeadh si ag géimrig ach gan leigint air go bhfeaca sé í ; go mbuailfheadh an tarna ceann leis sar a shroisfheadh se an tig acht gan baint léi.
    Thiomáin se leis chum baile agus ag gabháil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge